Tabhair cuairt ar ár dteach ar an Bhun Bheag, Gaoth Dobhair agus bain sult as na gníomhaíochtaí éagsúla atá le fáil inár gceantar.

Tá galf, rothaíocht, marcaíocht, iascaireacht agus cnocadóireacht ina measc.
Bíonn na bádanna ag dul go dtí na hoileáin achan lá agus tá na bealtaí le radhairc ghálanta foirfe fá choinne tiomána.

Tá Ionad Cois Locha, Dún Lúiche ag tairscint neart siamsaíochta agus gníomhaíochtaí do na páistí.

Is áit den scóth do na siúlóirí in a bhfuil dúil acu sna siúlóidí síochánta ar feadh na dtránna cúlráideacha agus ar na bóithre ciúna faoin tuath, nó sna siúlóidí níos gaiste fríd na cnoic agus na caoráin.

Thig siúlóidí níos doiligh a dhéanamh, m. sh. dul suas ar an Mhucais nó an Earagail agus amharc amuigh go cósta na hAlban má tá lá deas glan ann.

Ach an rud is tábhachtaí faoinár gceantar, ná gur thig scíth a ligean agus sult a bhaint as suaimhneas na háite a mheallann daoine isteach go dtí an chearn speisialta seo in Éirinn.

Treoracha