Fáilte go

Teac Campbell

Suite i gcroílár na Gaeltachta idir na sléibhte agus an fharraige

Fáilte

Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair

Suite i gcroílár Ghaeltacht Ghaoth Dobhair ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, tá Teach Campbell ag cur lóistín den scoith ar fáil do chuairteoirí go Dún na nGall le corradh is 20 bliain. Tá bród orainn as ár gcúram pearsanta agus seirbhís chairdiúil. Cuireann muid Céad Míle fáilte roimh ár gcuairteoirí nua agus ár gcairde a philleann orainn go rialta.

Lig do scíth, déan do shuaimhneas, tar chugat féin

Lig Do Scíth

Dún na nGall Fiáin

Tá Gaoth Dobhair ina pharthas do shiúlóirí agus tá siúlóidí ann a fhóireann d’achan ábaltacht, ó shiúlóidí éadroma éasca ar a thráigheannaí órga go leor, go dtí dreapadh níos cruaidhe ar an Earagail agus na sléibhte thart timpeall, chomh maith le dornán cosáin mharcáilte.

Déan do Shuaimhneas

Na hoileáin amach ón chósta

Ar an taobh thiar tá na hoileáin fá fhad cadhcála nó thig dul isteach chucu ar bhádaí áitiúla a bíos isteach is amach go laethúil le linn an tseasúir turasóireachta. Is féidir leat dul siar san am agus ar shiúl ó chrá shaol an lae inniu.

Tar chugat féin

Cultúr agus Cuideachta

Is é Gaoth Dobhair croílár shaol cúltúrtha Thír Chonaill. Anseo cluinfidh tú an Ghaeilge go fóill á labhairt go forleathan mar ghnáth-theanga laethúil an phobail, agus san oíche is dóiche go gcluinfidh tú ceol traidisiúnta sna tithe tábhairne áitiúla.

"Is lóistín an-phraghas réasúnta é Teac Campbell, lárnach, glan agus compordach. Tá na hóstach an-chabhrach agus cairdiúil, ag tairiscint bricfeasta an-fhlaithiúil. Moltar go mór."

John McE
Athbhreithniú Trip Advisor

déan TEAGMHÁIL

Glaoigh orainn