Activities

Isteach san fhiántas

Is paróiste ollmhór é Gaoth Dobhair, ina luí idir Sléibhte Dhoire Bheatha agus an tAigéan Atlantach. Is limistéar sárailleachta nádúrtha é ina bhfuil radharcanna a bhainfeadh an anáil díot ar shléibhte, gleannta, lochanna, talamh portaigh agus cósta a bhfuil oileáin agus na mílte de thráighannaí gainmheacha timpeall air.

Siúl sléibhe i nGaoth Dobhair

Tá Gaoth Dobhair ina pharthas do shiúlóirí agus tá siúlóidí ann a fhóireann d’achan ábaltacht, ó shiúlóidí éadroma éasca ar a thráigheannaí órga go leor, go dtí dreapadh níos cruaidhe ar an Earagail agus na sléibhte thart timpeall, chomh maith le dornán cosáin mharcáilte.

Le tuilleadh eolais ar bhealaí siúil téigh chuig gweedore.ie

Páirc Náisiúnta Ghleann Bheithe

Cuimsíonn 16,000 heicteár Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha an chuid is mó de Shléibhte Dhoire Bheatha, Gleann Nimhe agus cuid den Earagail agus is áit aoibhinn í le dul ag spaisteoireacht sna cnoic agus cosáin a leanstan.

I lár na Páirce ar imeall Loch Bheatha tá Caisleáin Ghleann Bheatha, teach mór caisealach ó dheireadh an 19ú haois a tógadh mar lóiste sealgaireachta.

Le tuilleadh eolais a fháil téigh chuig GlenveaghNationalPark.ie

Rothaíocht i nDún na nGall

Le beagán tráchta agus mórán bóithre sléibhe agus cósta, is é ceann de na bealaí is fearr le sult a bhaint as an radharcra ná ar rothar. Cuirimid stóras slán ar fáil do ghrúpaí nó rothaithe aonair.

Is comhpháirtithe sinn le dornán soláthróirí turas rothaíochta agus is minic a bhíonn grúpaí móra de lucht rothaíochta againn. Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le Cumann Rothaíochta na hEargaile

Iascaireacht mhara

Is féidir bádaí a fháil ar cíos ar bhonn lae nó leathlae ó úinéirí áitiúla. Tá flúirse speiceas éisc san uisce amach ó chósta Ghaoth Dobhair, lena n-áirítear deargóg, glasán, murlas agus trosc.

Bheir na hoileáin áitiúla agus an cósta garbh foscadh maith, agus is féidir, mar sin, turais iascaireachta a dhéanamh beagnach an bhliain ar fad. Is féidir linn turais iascaireachta go domhain san fharraige a eagrú do ghrúpaí nó do dhaoine aonaracha lenár n-iascairí áitiúla.

Siúl i nGaoth Dobhair

Más spéis leat siúlóidí níos giorra agus níos éasca beidh neart roghanna agat. Más amharc ar luí gréine ar an tráigh atá ann nó spaisteoireacht choilleadh i measc Shléibhte Dhoire Bheatha, gheobhaidh tú rud inteacht le do spéis.

Le níos mó eolais ar bhealaí siúil a fháil téigh chuig gweedore.ie

Cadhcáil Amach ó Chósta Dhún na nGall

Nuair a chuimhnítear ar an áit a bhfuil sé, ní haon iontas é go bhfuil go leor ann do lucht spóirt uisce. Tá an chadhcáil ar cheann de na dóigheannaí is fearr le cósta agus uiscebhealaí Ghaoth Dobhair a fheiceáil. Tá dornán d’oileáin ann amach ón chósta nach bhfuil ach turas gairid cadhcála ar shiúl agus seans go mbeidh ár ndeilfeanna áitiúla i do chuideachta ar do thuras.

Rópadóireacht anuas i nGaoth Dobhair

Tugann an chloch eibhear dhearg mhín sna aillte ar oileáin agus ar chósta Ghaoth Dobhair mórán deiseanna do ghlantosaitheoirí agus don dreapadóir a bhfuil níos mó taithí aige. Agus 10 mbomaite isteach sa tír bheir Sléibhte Dhoire Bheatha an aill sléibhe is airde in Éirinn suite go domhain istigh i nGleann Nimhe álainn i nDún Lúiche. Le níos mó eolais ar na deiseanna dreapadóireachta carraige i gceantar Ghaoth Dobhair téigh chuigUathúil Ascent

"Ní féidir liom buíochas a ghabháil le teaghlach Campbell! Bhaineamar an-taitneamh as ár gcuairt. Bhí radharcanna iontacha ó na seomraí agus na leapacha AN-chompordach. Eispéireas BB foirfe don teaghlach a bhí ann."

google-travel
Eleanor Reid
Léirmheas Google

déan TEAGMHÁIL

Glaoigh orainn